BAILE  MUNNAIDH  '98

le SÉAMUS  ROBINSON (aka S. Mac Roibín) © SEAMUS ROBINSON 1998

Go moch, go moch, roimh éirí lae,

Ag lámhacán go rúnda réidh,

Bhearnamar líní ár namhad.

Gan fhocal ráite -- ciúin, dofheicthe,

An slí scrúdaíthe -- an plean maithdhéanta,

Shroicheamar an sprioc gan fhad.

 

Armscrúdachán -- an comartha: "Gabh!"

'S bhuaileamar go mear an bheo,

Mar mhactírí ar fhia.

Gloine ar pléascú -- spéir ar lasadh,

Fuil ar fhuil -- súil ar shúil,

Bhaineamar sult as an sceimhle.

 

Ansin an t-ordú: "Éirí as!"

Chuireamar fuacht ar ár dteas,

'S d'fhágamar ionad an chró.

Ach tógtha go hard i spéir ár mbua,

Tháinig glór linbh ag screadaigh go crua:

Mháimí!  Mháimí!  Mo chos á dó !

 

Mháimí ... Mháimí ... mo chos á dó ...

            *               *               *

 

back to poems