CATHAIR  NA  nDEOR

le

SEAMUS  ROBINSON ( aka  SÉAMUS  MAC  ROIBÍN )  

 © SEAMUS ROBNSON 1976

 

 

Cathair na ndeor í, Béal Feirste inniu ,

Cathair na ndeor í, atá faoi néal dubh ;

Agus ait a bhí meidhreach, ‘nois doilbh a glór –

Tá na sráideanna ag caoineadh, i gcathair na ndeor .

 

Ní fheicim na páistí ag imirt sa tsráid ,

‘S ní fheicim cailíní le stócaí ‘na ndiaidh ;

Is ní fheicim na leannain ag siúl ar an bhóthar –

An caillte go deo iad, i gcathair na ndeor ?

 

Níl glas ar an duilleog  ‘s an Fómhar bhéith ar siúl ,

Is ní fhasann bláth Earraigh i lar Géimhridh fuair ;

Óir ní rabh maothas ‘riamh i gcroí cogaidh móir –

Is ní mhéadann ach reilig, i gcathair na ndeor .

 

Cathair na ndeor í, Béal Feirste inniu ,

Cathair na ndeor í, atá faoi néal dubh ;

Agus ait a bhí meidhreach, ‘nois doilbh a glór –

Tá na sráideanna ag caoineadh, í gcathair na ndeor .

 

          *                              *                             *  

PLAY 

BACK TO SONG INDEX