COMHAIRLE MHAITH
le
SEAMUS ROBINSON ( aka S.MAC ROIBIN )
© 2OOO
(1)
Ná bac le mac
a’ bhacaigh is
Ní bhacfaidh mac a’ bhacaigh leat –
Ná bain le cat nach leatsa is
Ní bhainfidh cat nach leatsa leat .
( curfá )
Comhairle mhaith, sin comhairle mhaith ,
Tabhair aird uirthi ‘s lean ar aghaidh
–
Comhairle mhaith, sin comhairle mhaith ,
Tóg do dheoch ‘s
ól do sháith .
(2)
Ná bac le muc
a’ bhochtáin is
Ní bhacfaidh muc a’ bhochtáin leat –
Ná mag le Tadhg a’ Mhargaidh is
Ní mhagfaidh Tadhg a’ Mhargaidh leat .
(3)
Ná bac le lacha
locha is
Ní bhacfaidh lacha locha leat –
Ná fan le bean a’ cheannaí is
Ní fhanfaidh bean a’ cheannaí leat .
* * *