MARAÍODH SEÁN SABHAT
ARÉIR
le
SEAMUS ROBINSON ( aka S. MAC ROIBÍN ) © 1966
Maraíodh Seán Sabhat aréir ;
Fé spéir a’ Tuaiscirt a thit sé ,
Ag troid ar son Saoirse a bhí sé –
Maraíodh Seán Sabhat aréir .
Mór brón Luimnígh inniú ;
‘S ar ghach croí ‘ta néall dubh ,
‘S a mac óg, Seán Sabhat, ‘tá marbh –
Mór brón Luimnigh inniú .
Is uaigneach an saol ‘gus é faoi’n bhfód ;
Ní chluinfear a ghlór a choíche go deo ,
‘S ní fhéicfear arís é ‘siúl a’ slí go beo –
Is uaigneach an saol ‘gus é faoi’n bhfód .
Maraíodh Seán Sabhat aréir ;
Fé spéir a’ Tuaiscirt a thit sé ,
Ag troid ar son Saoirse a bhí sé –
Maraíodh Seán Sabhat aréir .
* * *