SEAN - CHLUAIN EO
le SÉAMUS ROBINSON © 2000
Is caoin an ghaoth i sean-Chluain Eo,
'Measc crann ar crith tá éin ag ceol --
Fásann an rós go fuildhearg fíor,
Ar son mo ghrá i sean-Chluain Eo.
(CURFÁ)
A mhuirnín dhíl -- is trom mo chroí --
Nach bhfeicfear thú arís go deo --
Ach beidh mé fíor go fuine saoil --
Mairfidh mo ghrá i sean-Chluain Eo.
Is cuimhin liom an t-am a bhíodh,
Is d'imrimis i bpáirceanna óir --
Is théimis linn go dtí an chill,
Le grá a rá i sean-Chluain Eo.
( curfá )
Is beo liom fós an lá olc sin,
A ghlaoíodh ort chun dul sa ngleo --
Sheas tú an fód ar son an chirt --
Ach cailleadh thú i sean-Chluain Eo.
( curfá )
* * *